Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 16:3

An Bíobla Naofa 1981

Scuabfaidh mé Báiseá agus a theaghlach chun siúil, más ea; cuirfidh mé an chríoch chéanna ar do theaghlach agus a cuireadh ar theaghlach Iarobám mac Nabát.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.

Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.’

Agus tabharfaidh mé an cor céanna ar shliocht Acháb le sliocht Iarobám mac Nabát agus sliocht Bháiseá mac Aichíá.

Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.

Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí