Sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Zimrí i gcoróin ar Iosrael i dTirzeá, ar feadh seacht lá. Bhí an pobal i longfort os comhair Ghibeatón, cathair leis na Filistínigh.
Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir.
Nuair a fuarthas an scéala sa longfort: “Rinne Zimrí comhcheilg in aghaidh an rí agus mharaigh sé an rí chomh maith” d'fhógair Iosrael go léir Omraí a gceann feadhna ina rí ar Iosrael an lá céanna sa longfort.