1 Ríthe 16:13An Bíobla Naofa 1981de bharr peacaí Bháiseá go léir, agus peacaí Éalá, a mhac, a pheacaíodar, agus na bpeacaí inar threoraigh siad Iosrael, agus iad ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha. Féach an chaibidil |
Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.