Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo.
Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo,
Scuabfaidh mé Báiseá agus a theaghlach chun siúil, más ea; cuirfidh mé an chríoch chéanna ar do theaghlach agus a cuireadh ar theaghlach Iarobám mac Nabát.
Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca.
Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.
Ach dar an Tiarna Dia Iosrael a mhaireann beo, agus a choisc mé ó dhíobháil a dhéanamh duit, mura mbeadh tú a bhrostú amach i mo choinne, dar m'fhocal, ní bheadh oiread agus fear fágtha beo ag Nábál faoi mhaidin.”