1 Ríthe 15:22An Bíobla Naofa 1981Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh d'aon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá. Féach an chaibidil |
Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.