1 Ríthe 15:18An Bíobla Naofa 1981Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht: Féach an chaibidil |
Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.