1 Ríthe 15:13An Bíobla Naofa 1981Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í. Féach an chaibidil |
Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh.
Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise chách: “Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?”