1 Ríthe 14:9An Bíobla Naofa 1981Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom. Féach an chaibidil |
Ghabh siad cathracha daingne, Agus tailte méithe; Fuair siad seilbh ar thithe a bhí lán d'ollmhaitheasaí, Ar thaiscumair thochailte, ar fhíonghoirt, agus ar luibhghoirt ológ, Ar chrainn torthaí go flúirseach. Chaitheadar bia, agus bhíodar sáitheach lán; Bhí orthu rian na dea-choda a thug tú dóibh go flaithiúil.
Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.