Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 14:8

An Bíobla Naofa 1981

Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m'aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).

Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”

Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.

Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,

Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia, dála Dháiví a athair,

Chuir sé as oifig ansin é agus d'ardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh á rá: ‘Is é m'aithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’

Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d'imigh meathlú air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí