Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 14:6

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuala Aichíá a coiscéim ag an doras, dúirt sé: “Tar isteach, a bhean Iarobám; cén fáth a ligean ort gur duine éigin eile thú? Tá drochscéal agam duit:

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.

Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.”

Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: D'ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.

Dúirt sé leis an rí: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ó lig tú saor an té a bhí faoi mo bhang, tabharfar d'anam ar a anam, do mhuintirse ar a mhuintirsean.’ ”

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.

Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní.

Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.

Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”

Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.

Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.” “Abair leat,” ar seisean.

Ach dúirt Samúéil le Sól: “Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.”

de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí