Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois.
Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”
Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.
Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe.
Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.
nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith agus na fir láidre cromtha síos; nuair a stadann na meilteoirí mná den obair de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann; nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;