Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 14:30

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Rachabám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.

Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá go léir, agus ar threibh Bhiniáimin, céad agus ochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí an ríocht ar ais do Rachabám mac Sholaimh.

Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)

An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.

Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.

An chuid eile de stair Rachabám ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa in Annála Sheamaiá an fáidh, agus Ideo an físí, faoi eagrú na Léivíteach agus faoin tsíorchogaíocht idir Rachabám agus Iarobám?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí