Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 14:22

An Bíobla Naofa 1981

Agus rinne [sé] an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar,

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.

Rinne Acháb mac Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.

Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo.

“Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,

Agus a luaithe a bhí a údarás ríoga bunaithe go daingean, rinne sé féin agus Iosrael go léir chomh maith dlí an Tiarna a thréigean.

Rinne sé an t‑olc mar nár luigh sé ó chroí le tóraíocht an Tiarna.

Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.

Rinne sé an ní ab olc i súile an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím roimhe.

Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha.

An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?

Stoith an Tiarna iad as a dtír le barr feirge agus cuthaigh agus straidhne, agus chaith amach i dtír eile iad, mar a bhfuil siad inniu.’

Tine amplach é an Tiarna bhur nDia, agus Dia éadmhar.

rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

Rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, go ndearnadar fónamh do na Bálaím agus do na hAiseárót.

Nuair a d'éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí