1 Ríthe 14:21An Bíobla Naofa 1981Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair. Féach an chaibidil |
tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir agus é ag glaoch chugat, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.
Dhaingnigh Rachabám a fhlaitheas in Iarúsailéim agus bhí faoi réim ann. Bhí Rachabám bliain agus daichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael go léir a thogh an Tiarna lena ainm a lonnú ann. Námá, an tAmónach mná, ab ainm dá mháthair.