Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 14:20

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.

Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.

Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.

Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Miocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám.

Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus d'éag sé.

Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé, Agus ní eireoidh sé as a chodladh.

Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard tugann sé freagra orm óna shliabh naofa.

Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroí ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí