Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 14:14

An Bíobla Naofa 1981

Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?)

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.

Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún, agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.

Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;

Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.

Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí