1 Ríthe 14:10An Bíobla Naofa 1981Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha. Féach an chaibidil |
Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.