Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.
Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.
Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.
An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár.
nuair a labhraíonn fáidh in ainm an Tiarna, mura dtagann an rud i gcrích ná chun cinn, ansin ní briathar é a labhair an Tiarna; labhair an fáidh é sin le barr dánaíochta, ní gá duit eagla a bheith ort roimhe.