Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n‑ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.”
Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”
Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.
Ach rinne gach cine a íola féin, agus chuir iad i scrínte na n‑ardionad a bhí déanta ag na Samáraigh; rinne gach cine é sin sna cathracha inar lonnaíodar.
Ansin an díorma fear a chuir Amaiziá ar ais gan ligean dóibh dul leis sa chath, rinne siad ionsaí anois ar chathracha Iúdá, ón tSamáir go Béit Horon, agus mharaigh siad trí mhíle fear iontu agus ghabhadar a lán creiche.