Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 13:30

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé an corp ina uaigh féin, agus chaoineadar é á rá: “Mo bhrón! mo bhráthair.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.

Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.

“Cén leacht é sin thall os mo chomhair?” ar sé. D'fhreagair muintir na cathrach é: “Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).”

Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’

Agus d'ardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí