Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 13:28

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” agus chuireadar.

Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.

Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”

Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d'óladh sé uisce an tsrutháin.

Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”

Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna.

Thángadar agus rugadar leo iad, a n‑ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d'ordaigh Maois.

Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí