Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 13:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.

agus labhair sé os ard leis an ngiolla Dé a tháinig ó Iúdá: “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘Dé bhrí go raibh tú easumhal d'ordú an Tiarna agus nár chomhlíon tú na treoracha a thug an Tiarna do Dhia duit,

Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”

Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”

céalmhaine an té a chluineann briathar Dé. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.

Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i d'ainmse a rinneamar tairngreacht, agus i d'ainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i d'áinm a rinneamar mórán míorúiltí?’

Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t‑ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine,

Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí