D'éirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: “Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.”
Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”