“Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.
Nuair a tháinig sé ó Iarúsailéim in araicis an rí, d'fhiafraigh an rí de: “Cén fáth nár tháinig tú liom, a Mheirí Bál?”
“Cén bealach a ghabh sé?” d'fhiafraigh a n‑athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.
Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.
Agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” agus chuireadar.
D'éirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb.
Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.
A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi