Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 12:6

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: “Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?”

Ansin dúirt Aibseálóm: “Glaoigh ar Húisí an tAircíoch chomh maith, agus tugaimis cluas dá bhfuil le rá aige.”

Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht!

Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus

b'iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart;

Leis an tseanaois a ghabhann an eagna Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta.

Dúirt mé: “Labhraíodh na blianta Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”

Ná tréig do chara, ná cara d'athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile.

labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d'éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí