Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 12:29

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán,

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.

Ar gclos d'Abrám gur gabhadh a bhráthair gaoil, chuir sé tionól ar a raibh oilte ar airm dá mhuintir a rugadh ina theach, trí chéad agus ochtar déag, agus chuaigh ar a dtóir chomh fada le Dán.

Thug sé Béitéil mar ainm ar an áit; Lúz a bhí mar ainm ar an mbaile roimhe sin.

Dúirt Dia le Iacób: “Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.”

Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.

D'aontaigh Bein Hadad leis an rí Ásá agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Ábael Béit Mácá agus Cinearót ar fad agus dúiche Naftáilí go léir.

Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach d'fhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil.

Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.

Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.

“Tá cuachaíl a n‑eachra le clos ó Dhán; creathnaíonn an tuath uile le fuaim sheitreach a staileanna. Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti, na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.

Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.

Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo.

ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.

Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.”

An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Ansin d'imigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán,

Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.

D'imigh muintir Dhán leo ansin agus nuair a chonaic Míceá go rabhadar róthréan dó, chas sé ar a sháil agus chuaigh abhaile.

Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí