Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 12:28

An Bíobla Naofa 1981

Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.

Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

de bharr na bpeacaí a rinne sé ag déanamh an oilc i láthair an Tiarna, ag déanamh aithris ar Iarobám, agus an pheaca inar threoraigh sé Iosrael.

Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.

lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo).

Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna,

agus cheap sé a shagairt féin do na hardionaid, do na bocánaigh, agus do na laonna a rinne sé.

Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.

Is iomaí lá a chaith Iosrael gan Dia fírinneach, gan sagart le teagasc a thabhairt, gan dlí.

chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.

Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

An íomhá ghreanta d'íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.

Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.”

Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -

Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”

Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”

Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuine ach níl de chríoch air ach slí an bháis.

Is mairg do chlann na ceannairce! - briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.

Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;

Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge.

Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.

Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairí chun iad a smachtú. Cruinneoidh mé na náisiúin ina n‑aghaidh chun cimí a dhéanamh díobh in éiric an dá choir a rinne siad.

Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”

ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.

An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoráin iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daorán é.

Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí