Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá agus ar Bhiniáimin, céad agus a hochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí a ríocht ar ais do Rachabám.
go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna.
Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.
Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.