Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna.
D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna.
Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: “Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air.
Ach de bhur mbarr-sa bhí an Tiarna i bhfearg liom, agus ní thabharfadh sé aird orm. ‘Cuir uait!’ arsa an Tiarna liom. ‘Ná luaigh é sin liom a thuilleadh.
Óir chlaonfaidís do mhac, ó bheith dom leanúint-sé, chun seirbhís do dhéithe eile; agus ansin lasfadh fearg an Tiarna i d'aghaidh, agus scriosfadh sé thú ar an toirt.
“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.