Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 11:33

An Bíobla Naofa 1981

mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.

Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.

Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó,

Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m'aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.

Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”

Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’

Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna.

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.

An malartaíonn cine a ndéithe? - agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith.

Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.

Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.

Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

Comhpháirtí íol is ea Eafráim.

iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom

Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach.

Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí