Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 11:3

An Bíobla Naofa 1981

Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Thug Rachabám grá do Mhácá iníon Aibseálóm thar a mhná agus a leannáin go léir. Bhí, dála an scéil, ocht mbean déag aige agus trí fichid leannán, agus bhí ochtar mac ar fhichid aige agus trí fichid iníon.

Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.

eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil - aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban.

Trí fichid banríon, ceithre fichid leannán, cailíní gan áireamh -

Ach is túisce liomsa ise, mo cholm gan cháim; is í is túisce lena máthair, is í rogha a buime í. Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di, banríon nó leannán nár mhol í:

Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.

phósadar iníonacha na gciníocha seo, thugadar a n‑iníonacha féin le pósadh dá mic, agus rinneadar fónamh dá ndéithe.

D'imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d'éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí