Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é.
Sin é talamh na hÉigipte romhat mar a shíneann; cuir d'athair agus do dheartháireacha chun cónaí sa chuid is fearr den talamh. Cuiridis fúthu i dtír Ghoisin, agus más eol duit aon chumasaigh orthu, cuir i bhfeighil mo stoic féin iad.”
agus dúirt leis an rí: “Ná cuireadh mo thiarna éagóir i mo leith; ná cuimhnigh ar an gcoir a rinne do shearbhónta an lá a d'fhág mo thiarna an rí Iarúsailéim. Caitheadh an rí as a aigne í.
Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.
Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: D'ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.
Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael.
Neartóidh mé teaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef. Seolfaidh mé ar ais arís iad, mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh, agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad; óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.