Agus rug deirfiur Thachpanaes mac dó, Ganubat, agus rinne Tachpanaes é seo a chur ó dhiúl i dteach Fhorainn; agus oileadh Ganubat i dteach Fhorainn i measc clann mhac Fhorainn.
Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”
Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.