Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.
Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: “Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í.
Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”
Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.
Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.
“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”
“Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.
Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “An focal seo leis an Tiarna a d'fhógair tú, is maith é,” mar bhí sé á rá leis féin: “Nach cuma é? fad atá síocháin le mo ré agus sinn saor ó bhaol.”
Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,