1 Ríthe 10:5An Bíobla Naofa 1981bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti, Féach an chaibidil |
Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.