bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti,
I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.
Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.”
Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.