Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 10:27

An Bíobla Naofa 1981

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).

bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh, Agus a líonadh a dtithe le hairgead;

Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin, agus airgead a charnadh mar dheannach, agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.

Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.

Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí