Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.
rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.
Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin.
Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige, agus longa Thairsís ar a gceann, ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo, ar son ainm an Tiarna do Dhia agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.
Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.