Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.
Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
Thóg sé Áras Chrainn Fhoraois na Liobáine; bhí sé céad banlámh ar fhad, leathchéad banlámh ar leithead, tríocha banlámh ar airde, agus é tógtha ar thrí shraith colún d'adhmad céadair le mullaí céadair ar na colúin.