Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin.
Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.
Chuir Húrám longa faoi stiúir a chuid fear féin chuige, agus mairnéalaigh eolgaiseacha. Chuadarsan le muintir Sholaimh go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad go leith tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.