Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 1:7

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.

Nach mbeidh na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansiúd i do theannta? Aon scéal a gheobhaidh tú ón bpálás, inis é do Zádóc agus d'Aibíátár, na sagairt.

Bhí Ióáb i gceannas arm Iosrael go léir; bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach;

ba é Seavá an rúnaí, agus sagairt ab ea Zádóc agus Aibíátár,

Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina sheanchaí.

D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”

Dúirt Dáiví: “An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.” Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de.

Tháinig Iahóideá mac Bhanáiá agus Aibíátár in áit Aichítifeil. Bhí Ióáb i gceannas ar arm an rí.

Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí