Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 1:52

An Bíobla Naofa 1981

“Má iompraíonn sé é féin go hionraic,” a d'fhreagair Solamh, “ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”

Tugadh an scéala go dtí Solamh rí: “Féach, tá eagla ar Adoiníá roimh Sholamh rí; tá greim aige ar bheanna na haltóra agus é á rá: ‘Tugadh Solamh rí a mhionn dom ar dtús nach maróidh sé a shearbhónta le faobhar claímh.’ ”

Chuir Solamh rí fios air dá bhrí sin agus thugadar anuas ón altóir é. Agus tháinig sé agus rinne sé ómós do Sholamh rí. Dúirt Solamh leis: “Gabh abhaile.”

Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,

Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach.

Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine, agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.

Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe.

ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear.

“Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.”

Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí