Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d'éiríodar agus d'imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin.
agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”
D'éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra.
Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas, agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?
Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.