Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 1:47

An Bíobla Naofa 1981

agus de bhreis air sin, rinne oifigigh an rí gairdeas lenár dtiarna Dáiví rí leis na focail: ‘Go ndéana do Dhia ainm Sholaimh níos glórmhaire fiú ná d'ainmse agus go móra sé a ríchathaoir fiú thar do ríchathaoir féin!’ Agus chrom an rí a cheann sa leaba

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ach lean sé air: “Tabhair do mhionn dom,” agus thug sé sin dó. Ansin lig Iosrael é féin siar ar an adhairt.

“Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d'fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?”

chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha.

Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”

i dtreo go n‑ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac.

Beirigí libh bhur dtréada agus bhur dtáinte mar a d'iarr sibh, agus buailigí bóthar! agus cuirigí beannacht ormsa chomh maith!”

á rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”

Trí chreideamh bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí