Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é;
agus rinne Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ag Gíohón; agus ghabhadar suas ón áit sin le gártha áthais agus tá an chathair anois ina cíor thuathail; sin í an gheoin a chuala sibh.
A luaithe a bhí Dáiví socair ina theach, dúirt sé leis an bhfáidh Nátán: “Féach! táimse ag cur fúm i dteach céadair, ach tá áirc chonradh an Tiarna faoi dhíon botha.”