Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”
Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é;