Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 1:39

An Bíobla Naofa 1981

Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’

Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’

Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith.

“Tá a fhios agat,” ar sé, “gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í.

Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”

Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”

Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: “Cuir crios faoi do choim,” ar sé, “beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád.

Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”

D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.

Thug sé leis amach mac an rí ansin, chuir sé an choróin air agus thug an fhianaise dó; agus d'fhógair siad ina rí é. D'ung Iahóideá agus a chlann mhac é agus chuir siad gáir suas: “Fad saoil don rí!”

Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”

Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa “Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d'ardaigh mé fear tofa den phobal.

agus suaigh túis íon naofa á cumasc mar a dhéanfadh poitigéir, agus ag cur salainn inti.

Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”

Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí