Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”
Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?”
agus de bhreis air sin, rinne oifigigh an rí gairdeas lenár dtiarna Dáiví rí leis na focail: ‘Go ndéana do Dhia ainm Sholaimh níos glórmhaire fiú ná d'ainmse agus go móra sé a ríchathaoir fiú thar do ríchathaoir féin!’ Agus chrom an rí a cheann sa leaba
Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” D'fhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.”
Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!
“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”
Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.
ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.