1 Ríthe 1:34An Bíobla Naofa 1981Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’ Féach an chaibidil |
Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.