Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 1:30

An Bíobla Naofa 1981

cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’

“A thiarna,” ar sí, “mhionnaigh tú do do bhansearbhónta dar an Tiarna do Dhia: ‘Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir.’

Shuigh Solamh ar ríchathaoir Dháiví, a athair, agus bunaíodh a ríocht go daingean.

Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir - mar bhronn an Tiarna a lán mac orm - le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael.

Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó.

D'éag sé ansin i mbláth sonais a aoise, lán de laethanta, de shaibhreas, agus d'onóir. Tháinig a mhac Solamh i gcomharbacht air.

Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí